back to urticaria day
Language

Urticariaday2015: Aodh thochais faoi smacht

Beidh an dara lá aodh thochais ar siúl ar an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is é ábhar an lae i mbliana “aodh thochais faoi smacht”. An aidhm atá leis ná a chur ar chumas na n-othar tástáil a dhéanamh an bhfuil a gcuid aodh thochais faoi smacht – agus mura bhfuil, é a chur faoi smacht arís.

Ar mhaithe leis seo, tá tástáil leagtha amach againn, an “Urticaria Control Test” (UCT), a bailíochtadh don úsáid leighis. Cuireann sé barr feabhas ar chóir leighis le haighaidh aodh thochais.

Tá an UCT curtha ar fáil duit anseo. Molaimid duit an tástáil a dhéanamh. Má bhíonn tú ag plé agus ag roinnt do chuid torthaí le daoine eile a bhfuil aodh thochais orthu, bainfidh siadsan tairbhe as chomh maith.

Is é “Urticariday” ina dheis iontach feasacht i leith aodh thochais a scaipeadh i measc na n-othar agus a dteaghlach, na ndochtúirí, na bpolaiteoirí, na n-iriseoirí agus an phobail ar fad. Táimid ag iarraidh deiseanna oideachais do dhochtúirí eile a mhéadú chun gur féidir leo feabhas a chur ar chóir leighis dá n-othair sa chaoi go mbeidh saol níos fearr acu.

Cé hiad "muid"? Is muidne go léir atá i gceist! Othair, dochtúirí, eagraíochtaí, tusa agus mise. Is gach éinne a bheidh páirteach san "urticariaday2015" ina bhall den ghréasán aodh thochais. Cabhraigh linn cabhair a thabhairt duit féin le do chuid aodh thochais a chur faoi smacht agus tú ag insint do scéil do dhaoine eile.

Postáil do chuid grianghraf agus imeachtaí anseo d'fhonn go gcuirfidh do scéal féin le rath an lae “Urticariaday2015”.

Tháinig an smaoineamh agus an spreagadh don lá seo ón eagraíocht Ghearmánach GA²LEN, Unev, the Urticaria Network e.V., Daab e.V. agus ó iomaí eagraíochta eile ar fud na cruinne ag gabháil d'obair ar son na n-othar a bhfuil ailléirgí agus aodh thochais orthu.

Supporter

Urticaria Day website user guide

Download